Liza Mo Stór agus Scéalta eile – athchraoladh
RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Domhnach ag 10am
agus ar an Seinnteoir Raidió.
A series telling the story of the modern day Irish-language songwriting industry, presented by musician and composer Colm Mac Séalaigh. The series is being rebroadcast as part of the RTÉ Raidió na Gaeltachta summer schedule 2016.
Cén fáth ar chum oiread sin daoine amhráin nua i nGaeilge le 50 bliain anuas? Céard a spreag iad agus cén cúlra a bhaineann leo? Tugann Liza Mo Stór agus Scéalta eile, sraith nua raidió, aghaidh ar na ceisteanna sin go binn beacht le léargas ón taobh istigh ó bhéal na gcumadóirí féin.
I gClár 2, caitear an solas ar theacht chun cinn agus ar thionchar an ghrúpa cháiliúil as Conamara, Na Cloigne Folmha, lena n-amhrán núíosach An Damhán Alla, i 1973 agus ar shaothar cumadóireachta bhaill an ghrúpa sin Tomás Mac Con Iomaire (Pócaí Folmha is Cloigeann Tinn), Tomás Mac Eoin (An Cailín Álainn, Bleán na Bó) agus Máirtín Mac Donncha (An Ladhrán Trá). Cloisfear chomh maith ó Bharry Rónan (PJ Ó Flaithearta) as Inis Mór, Árainn, a d’eisigh an chéad albam aonair rac/pop d’amhráin nua-chumtha, chomhaimseartha i 1983 dar teideal Tráth. Tuilleadh scéalta agus faisnéise ó chumadóirí amhráin chomhaimseartha na Gaeilge agus amhráin dá gcuid le cloisteáil.
Is trí mhaoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnas Teilifíse (BAI) ar aon le tacaíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus ón Eagras Um Chearta Ceolta (IMRO) a rinneadh an tsraithchlár seo.
Latest News
Music Creators
- Affinity Schemes
- Join IMRO
- Benefits of IMRO Membership
- IMRO Mobile App
- Members’ Handbook
- About Copyright
- Royalty Distribution Schedule
- IMRO Distribution Policies
- Competitions & Opportunities
- Travel Grant Form
- Irish Radio & Useful Contacts
- Other Music Bodies in Ireland
- Affinity Schemes
- Music Creator FAQs
- International Partners
- International Touring Guide
Music Users
- Do I Need a Licence?
- Sign Up for a Music Licence
- Pay Your Licence Online
- IMRO and PPI Tariffs
- Dual Music Licence Explained
- Music Licences for Businesses
- Music Licences for Live Events
- Music Licences for Broadcast & Online
- Music licences for Recorded Media
- Music Services B2B
- Music User FAQs
- What’s Your Soundtrack Campaign
- Terms & Conditions for IMRO Events Voucher Competition
- Cookie Policy
- Privacy Statement
- Disclaimer
- www.imro.ie
- Terms & Conditions
- © IMRO 2024
- Registered Number: 133321
Please select login
For Songwriters & Publishers
For Business Owners