Skip to main content

Tag: RTÉ Raidió na Gaeltachta

Liza Mo Stór agus Scéalta eile – athchraoladh

RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Domhnach ag 10am

 agus ar an Seinnteoir Raidió.

A series telling the story of the modern day Irish-language songwriting industry, presented by musician and composer Colm Mac Séalaigh.  The series is being rebroadcast as part of the RTÉ Raidió na Gaeltachta summer schedule 2016.

Cén fáth ar chum oiread sin daoine amhráin nua i nGaeilge le 50 bliain anuas?  Céard a spreag iad agus cén cúlra a bhaineann leo? Tugann Liza Mo Stór agus Scéalta eile, sraith nua raidió, aghaidh ar na ceisteanna sin go binn beacht  le léargas ón taobh istigh ó bhéal na gcumadóirí féin.

I gClár 2, caitear an solas ar theacht chun cinn agus ar thionchar an ghrúpa cháiliúil as Conamara, Na Cloigne Folmha, lena n-amhrán núíosach An Damhán Alla, i 1973 agus ar shaothar cumadóireachta bhaill an ghrúpa sin Tomás Mac Con Iomaire (Pócaí Folmha is Cloigeann Tinn), Tomás Mac Eoin (An Cailín Álainn, Bleán na Bó) agus Máirtín Mac Donncha (An Ladhrán Trá). Cloisfear chomh maith ó Bharry Rónan (PJ Ó Flaithearta) as Inis Mór, Árainn, a d’eisigh an chéad albam aonair rac/pop d’amhráin nua-chumtha, chomhaimseartha i 1983 dar teideal Tráth. Tuilleadh scéalta agus faisnéise ó chumadóirí amhráin chomhaimseartha na Gaeilge agus amhráin dá gcuid le cloisteáil.

Is trí mhaoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnas Teilifíse (BAI) ar aon le tacaíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus ón Eagras Um Chearta Ceolta (IMRO) a rinneadh an tsraithchlár seo.

Keep up to date with IMRO news and events

Please select login